Mar a gcuireann C. na G. fútha, where the G.L. put up (reside). Tuismidhe, parents. Áireamh, Arithmetic. Léar-eólas, Geography. Tómhas Cruinne, Geometry. Míniughadh talmhan, Agriculture. Aosánaigh, youngsters. Tíortha deórata, foreign countries. Scioltháin, "cut" potatoes for seed. Ithir, earth-mould. Ní áiteomhadh &rl. The world would not persuade me. Críochnamhail, industrious. Síol-chnó na daire (no darach), the seed nut of the oak, acorn.
CONÁN MAOL.
II. SGOIL GAEDHEALACH.
Tá an ceart ar fad ag Conán Maol. Teastuigheann sgoil Ghaedhealach uainn. Ní múineadh atá againn i nÉirinn anois acht creachadh, & tá a rian orainn. Tá an donas a' teacht ar ár dtír. Ní'l againn acht bliadhain níos measa 'ná a chéile. Tá muinntir na tuaithe a' scaipeadh agus a' meathadh, & tá na sráid-bháiltí beaga ag dul i n-olcas gan aonach gan margadh foghanta.
Féachaimís ar an dtalamh agus ar churadóireacht na tíre. Tá an chuid is mó de'n talamh leath-bháithte le huisge, & ní hamháin an talamh ísiol acht leicne árda. Is ortha tá na barraí breaghtha luachra a' fás & gan duine ná daoine a rómharfadh díog chun iad a thiormughadh. Féach feirmeóirí na hÉireann a' díol a gcod' coirce ar dhá theistiún an chloch & a' tabhairt sgillne ar Castalia nó ar rud éicint eile go bhfuil ainm mhór air.
Féach ár dtír agus í maol ó chrannaibh. Nuair do b'fhéidir leis na huaislibh crainn a chur níor chuireadar iad. Dá gcuirfidís ní bheidís anois mar bheadh bacaigh a dúthaigh ag iarraidh déarca ar Bhuindeam. Bheadh airgead i n-a bpócaíbh aca & bheadh obair ag lucht oibre atá anois a' teitheadh as Éirinn. Agus cad is cionntach leis seo? An saghas tabhairt suas a fuaireadar. Níor cheap éinne go mba cheart d'uaislibh na hÉireann eólas do bheith aca ar thalamh na hÉireann. 'Seadh! tá toradh a ndeagh-oibreacha aca anois, & is baoghlach liom-sa nach ag dul i bhfeabhas a bheidh an sgéal aca feasta.
Acht cad deir an feirmeóir? Ceapann seisean ná fuil éan-mhaitheas i gcrainn acht iad do ghearradh & a dhóghadh. "Ní'l siad acht a' sughadh brighe an tailimh." Ní baoghal dó-san crann a chur. Gearrann sé an crann mar gheall ar a bheith 'sa' tslighe air, acht bíonn na mílte feóchadán & geósadán a' fás i n-a pháirc aige.
Nuair a bhí sé seo 'n-a gharsún a' dul ar sgoil fuair sé árd-mhúineadh. Bhí fhios aige cia'ca an cnoc is aoirde 'sa' domhan. Do 'neósfadh sé dhuit an méid uisge ghabh le fánaidh le bliadhain i n-abhainn mhóir íochtair Aimeirice, & bhí cúnntas cruinn aige ar athair agus ar mhathair ríogh bhí 'sa' Róimh na mílte bliadhan ó shoin. Badh dhóigh le duine gur adhbhar captaín a bhí 'sa' gharsún agus an saghas foghluim a fuair sé ar sgoil. Nár chóir go mbeadh an bheag nó an mhór d'eólas le fagháil aige ar an tslighe bheathadh bhí i ndán dó. Acht ní mar sin a bhí. Chonnaic sé na crainn a' fás; chonnaic sé an duilleabhar a' séideadh ins an Earrach & a' tuitim 'sa' bhFoghmhar; acht níor chuir éinne 'n-a cheann ná raibh ó'n gcrann úd ar thaobh an bhóthair acht greim fhagháilt ar an dtalamh & go mbeathóchadh an t-aer é.
Is cuimhin liom-sa sean-daoine nár chaith lá riamh ar sgoil, & geallaim & deimhinghim gur mó an t-eólas a bí aca ar churadóireacht & ar nidhthibh a bhaineann le saothrughadh na talmhan 'ná bhíonn anois aca so a chaitheann na bliadhanta ar sgoil.
Ní héin-iongnadh an sgéal a bheith mar seo ag ógánaigh na haimsire seo. Tagann mórán d'ár gcuid eólais chughainn ó dhúthchas. Pé eólas a bhí ag ár seacht-sinsearaibh is i nGaedhilg do b'fhéidir leó é chur i n-umhail dá gclainn; acht ní raibh éin-mhesa aca-san ar Ghaedhilg. Chaitheadar uatha í, & i n-a theannta sgaradar le heólas na sean-daoine a tháinig rómpa. B'fhéidir go raibh beagán d'eólas a shinsear ag an bpáisde ar dhul ar sgoil dó ar dtúis. Acht, má bhí, níor b'fhada gur stracadh as na préamhachaibh an t-eólas so, & má fhágadh éan-chuid de gan stracadh, do múchadh é le carta an Bhéarla sara raibh an leanbh leath-bhliadhain ar sgoil. Thug na múinteóirí iarracht ar síol an Bhéarla a chur. Ní raibh an ithir ró-oireamhnach, & ba mhinic an síol go holc, & ba mheasa é an leasughadh, & b'é deireadh an sgéil é gur fhág an sgoláire an sgoil & é gan Bhéarla gan Ghaedhilg.
Bhfuil leigheas le fagháil ar an aicíd seo? Tá, gan amhras. Tá an leigheas ag an ndorus againn. Tá an leigheas i dteangain ár sinsear. Moladh le Dia! tá an leigheas ag oibriughadh anois. Tá síol curtha i n-ithir mhaith. Ba mhaith linn-ne dá bhfeicimís an geamhar a' teacht suas níos treise & níos tiugha 'ná atá sé. Acht bíodh foidhne againn. "Tagann gach maith le cáirde," & "I ndiaidh 'chéile dhéantar na caisleáin." Beidh barra maith againn fós, le congnamh Dé.
Ní doig liom féin gur tháinig an t-am fós chun Sgoil Ghaedhealach "Chonáin Mhaoil" a chur ar bun.
'Sé is ceart dúinn úsáid a dhéanamh des na sgoileanna atá againn. Má is maith leis na stiúrthóirí é, is féidir leó Sgoil Ghaedhealach a dhéanamh d'éan-sgoil atá fútha. Anois ní fuláir nó tá sagart le fagháil i Gceanntar Ghaedhealach a chuirfeadh Sgoil Ghaedhealach ar bun. Agus muna bhfuil a leithéid seo le fagháil, cuirimís sgoil oidhche suas. Tá airgead le fagháil ó'n Riaghaltachas ar an obair seo. Is féidir linn-ne greim fhagháil ar chuid de chun na Gaedhilge a mhúineadh & ní dóigh liom-sa go bhfuil aon scairt 'sa' bhearnain le cosg a chur orainn.
Ní fuláir do bheith glic."
Ní'lmid-ne láidir fós, & nuair ná fuilmid, 'sé is fearra dhúinn a dhéanamh 'ná greim a bhreith ar gach buntáiste & úsáid a dhéanamh díobh ar son na Gaedhilge.
"Glac a bhfaighir & díol a bhféadfair."
BEIRT FHEAR.
Gluais.
Creachadh, spoiling. A' scaipeadh & a' meathadh scattering and decaying. Sráid-bhailtí, villages. Leicne árda, high hill-sides. Dhá thuistiún an chloch, eightpence a stone. Maol ó chrannaibh, bare of trees. Crainn a chur, to plant trees. Ag iarraidh déarca, seeking alms. Cad is cionntach, what is to blame for this. Tabhairt suas, up-bringing, education. Ní baoghal dó-san crann chur, no fear of his planting trees. Cia'ca an cnoc is aoirde, which is the highest mountain. Ghabh le fánaidh, went down. An bheag nó an mhór d'eólas, some little or much knowledge. Curadóireacht, agriculture. Is i nGaedhilg do b'éidir leó, in Irish they were able to make it known to their children. Stracadh as na préamhacha, torn out of the roots. An ithir, the soil. Geamhar, young grass. Scairt sa bhearnain, a bush in the gap.
III. SCOIL GHAEDHEALACH.
Is beag an mhaitheas dúinn bheith ag trácht thar Ghaedhilg & ag áiteamh ar dhaoinibh gur beó-theanga í muna bhféadfaimíd í shaothrughadh mar shaothruighthear gach beó-theanga 'san Eóraip. Is beag an mhaitheas bheith ag iarraidh smacht a chur ar dhaoinibh bochta gábhataracha, ar lucht iascaireachta, ar lucht sclábhaidheachta, is ar a leithéididhibh, bheith ag iarraidh maide a thabhairt dóibh muna labharfaid Gaedhilg iad féin is muna labharfaid Gaedhilg le n-a bpáistidhibh & bheith ag gearán ná fuil ruainne do'n Spioraid Ghaedhealaigh fágtha 'n-a measc nuair a mhothuightear an tuile ag trághadh & gan caoi ar chasadh aici. Is beag an mhaitheas é sin go léir muna bhféadaimíd gach nídh bhaineann le n-a ngnó saoghalta do mhúineadh dos na daoinibh i nGaedhilg. Muna bhfuil brigh 'san Ghaedhilg fé láthair acht chum iasc do chomhaireamh nó cearca do dhíol ar mhargadh nó déirc a lorg ó thigh go tigh nó fós chum amhráin shultmhara do chanadh le hais na teineadh, ní fada fhanfaidh fiú na bríogh soin féin innti, agus is beag an mhaitheas dúinn bheith ag gabháil dí agus ag tabhairt iarrachta ar í choimeád 'n-a beathaidh. Ní féadfaidh daoine bheith i gcomhnuidhe ag díol cearc nó ag comhaireamh éisc nó ag lorg na déirce—caithfear a lán rudaidhe nach iad a dhéanamh, & muna mbeidh sé i gcumas na ndaoine iad a dhéanamh i nGaedhilg déanfar i mBéarla iad agus léigfear an Ghaedhilg le fuacht is le faillighe. Má fhanann gach duine óg is aosta, a labhrann Gaedhilg is ná fuil tabhairt suas i mBéarla air, má fhanann sé 'n-a illiterate, má's éigin dó a mharc (×) a chur i bpáipéar i n-ionad a anma, má's éigin dó múinteóir Béarla d'fagháil dá chlainn nó iad a bheith 'n-a n-illiterates mar é féin—má leantar do'n chleas soin, is gearr a bheidh a leithéidí sin d'illiterate n-ár measc, is geárr a bheidh Béarla ag éinne acht drabhghail bheag gan bhrigh. Cad do ruaig an Ghaedhilg as Conntae Luimnigh, as Conntae Tiobrad Árann, as ur-mhór de Chonntae Chorcaighe, as Cathair Chorcaighe agus as conntaethibh is cathrachaibh nach iad? Cad do chuir an fán uirthi, ó aimsir an droch-shaoghail go dtí seo? 'Neosad-sa díbh cad do chuir fán is ruagairt ar ár dteangain. Leath-chéad bliadhan o shoin nó ós a chionn bhí sí dá labhairt go flúirreach ag óg is aosta ar fuaid na Mumhan, & ba dhóigh le duine ná tiocfadh aon bhriseadh go bráth uirthi. Bhí filidheacht le fagháil aisti, bhí scéalta fiannaidheachta le fagháil aisti, bhí comhrádh suilt is grinn le fagháil aisti. Dar ndóigh ba mhaith an rud sain. Acht ní fhéadfadh daoine maireachtaint ar rannaibh filidheachta, is ní bhainfeadh eachtraidhe ar Oisín is ar Oscar an tart ná an t-ocras de mhuirighean óg neamh-chongantach. Níor féadadh dul chum cinn le gnó an tsaoghail gan tabhairt suas éigin oireamhnach, & ní raibh an tabhairt suas soin le fagháil i nGaedhilg, & bhí sé le fagháil i mBéarla. Dá bhrigh sin cuireadh an Ghaedhilg i leath-taoibh & tá a rian uirthi indiu. Tá an rud céadna soin ar siubhal fá láthair. Táthar ag cur na Gaedhilge i leath-taoibh d'fhonn tabhairt suas tairbheach d'fhagháil i mBéarla. Agus beifear dá cur i leath-taoibh go mbeidh sé 'n-ar gcumas teagasc oireamhnach tairbheach a thabhairt i nGaedhilg do'n aos óg a labhrann í do réir dhúthchais. Is maith an rud timthiridhe do scaoileadh amach fá'n dtuaith; is maith an sud craobhacha do chur ar bun annso is annsúd 'sna críochaibh Gaedhealacha. Ní'l aon locht agam le fagháil ortha, acht creid mise leis ní réidhteochaidh timthiridhe an cheist go lá an chunntais. Dá mbeadh timthire againn i gcóir gach sráid-bhaile nó gach baile Gaedhealach & gach timthire a bheith ag obair go dian dúthrachtach ó cheann ceann na bliadhna, dá mbeadh craobh do Chonnradh na Gaedhilge i ngach baile & na leabhair is deise 'san domhan dá gcur amach gach seachtmhain agus an ceól is bríoghmhaire i nÉirinn dá spreagadh agus an rinnce is anamamhla le fagháil fá ghléas againn—ní chuirfeadh na neithe sin go léir sonas ná bail ar ár dteangain dá mbadh rud é gur bh'éigin do'n aos óg iompódh ar an mBéarla chum an tabhairt suas d'oireann dóibh dá ngnó saoghail d'fhagháil. Is mar sin atá an scéal fá láthair, agus is mar sin a bheidh an scéal go gcuirfear scoileanna fíor-Ghaedhealacha ar bun. Acht mar adeir Conán Maol, tosnuightear le héan-scoil amháin. Bíonn gach aon tosnughadh lag. Lastaréan-choinneal bheag amháin mar thosnughadh, agus is gearr go mbeidh soillse ar ndóthain againn. An bhfeacabhar riamh an chuma i n-a lastar na coinle 'sna heaglasaidhibh. Nuair a bhíonn cruinniughadh mór bailighthe le chéile agus coinneal i láimh gach duine aca, faghthar aon bhuaiceas bheag amháin; lastar í; lastar coinneal i láimh dhuine éigin léi, druideann an duine sin a choinneal ar lasadh chum coinle a chomhursan, & lasann a choinneal; lasann siúd coinneal an té bhíonn le n-ais, agus dá réir sin ritheann an teine ó dhuine do duine, agus is gearr an mhoill go bhfeictear blaodhm solais ag gealadh na heaglaise go lonnrach agus ag cur compórd is áthas ar na daoinibh ar fad. Is mar sin a bheidh an scéal againn i dtaoibh na scoile, cuirtear aon scoil amháin ar bun; lastar an choinneal bheag amháin, agus is gearr le congnamh Dé go mbeidh blaodhm soluis ag éirghe ó chúig áirdibh na hÉireann ná múchfar go deó na ndeór. Is mithid dúinn tosnughadh. Is cuma cá gcuirfear an scoil sin ar bun—i nDún na nGall, i gConntae na Gaillimhe nó i gCiarraidhe. Acht ó's Ciarraidheach Conán Maol, ó's Ciarraidheach "Beirt Fhear" agus ó's Ciarraidheach mé féin, agus nuair ná fuil aon chríoch ná Conntae eile ag tabhairt fá'n obair seo, is dóigh liom gur fearra dhúinn tosnughadh le Ciarraidhe—áit éigin thiar an fad i mBaile an Fheirtéirigh nó i nÍbhráthach nó i nGleann Beithe. B'fhearr liom aon scoil fíor-Ghaedhealach amháin 'ná dhá thimthire. Caithfear airgead do sholáthar acht ní dóigh liom go bfágfaidh na Ciarraidhigh cibé áit i n-a bhfuil siad aon easnamh orainn, agus ní'l amhras ná go dtabharfaidh an Árd-fheis congnamh dúinn agus go mbeannóghaidh sí ár n-obair. Tosnuighmís le congnamh Dé agus do réir mo thuairime níor rinneadh obair riamh ar son ár dteangan níos fearr 'ná an obair do cheap Conán Maol.
PÁDRAIG UA DUINNÍN.
IV. CUIRTEAR CORC SA BHAIRILE FEASTA, A UAISLE.
Nuair bhíos-sa ar scoil sa tseana-shaoghal, ní raibh námhaid ba mhó agam ná bairile. Seo mar a thárlaidh sin. An mí-fhortún máighistir a bhí againn, ní raibh oiread mo dhuirn ann, acht bhí béic asail aige, & rud ba mheasa na soin, slat chomh fada le slat Mhaoise. "Anois" adeireadh sé, agus é ag rástáil síos agus suas, agus ag fáscadh na slaite ar tí na súl a bhaint asainn, "tá bairile áirithe ann agus dhá pholl ann—poll 'n-a bhun agus poll 'n-a bharr, agus dhá corc ionnta. Dá mbeadh an bairle lán d'uisce agus go dtarraiceoghthá an corc thíos do bheadh an bairile follamh i gcionn deich nóimití; acht dá mbeadh sé follamh & go leogfá uisce isteach ann tríd an bpoll thuas, do bheadh sé lán i gcionn dhá nóimit déag. Cuir i gcás anois go mbeadh an bairile lán, agus go dtarraiceoghthá an dá chorc i n-éinfheacht, cahuin a bheadh sé i n-dísc?"
Is ar an gceist seo do chuimhnigheas an lá fé dheireadh nuair chonnac aiste Chonáin Mhaoil mar gheall ar an scoil Ghaedhealaigh. Mar is solaoid d'Éirinn an bairile úd. Bhí sí ar scéidhe de Ghaedhilg—cnuasach saothair intinne ár sinsear romhainn. Annsoin, do tháinig an fealltóir Sasannaigh, & do dhein sé poll i dtóin an bhairile, agus siúd an t-uachtar saidhbhir le fánaidh. I n-ionad an phuill a stop is amhlaidh a bhíomar-na, ar nós bhraisile leanbh timcheall locháin ar thaobh sráide glagair, ag rinnce & ag bualadh bas le spórt nuair choncamair na caisí geala ag gabháil síos, agus do rop cuid againn ár méaranna sa pholl ghá fhairsingiughadh i gcás go mbeadh tuile níos mó againn.
Sul a raibh an tubaist ar fad déanta againn do tháinig fir chalma Chonnradh na Gaedhilge d'ár gcose. D'éis aghaidh béil a thabhairt orainne do chuadar ag stop an phuill. Acht níor leog an Sasannach dóibh é.
"Pé nídh is mar a dheineann an Bairile," ar sé, "is liom-sa an poll soin, agus ní leómhthaidh sibh barra méire a leogaint air."
"Déinimís poll i gceann an bhairilie" arsa na fir, "agus cuirimís tuilleadh uachtair ann."
Do déanadh mar sin, agus do chuireadar fios ar uachtar ar fuid na tíre le cur 'sa' bhairile; acht, foríor! tá uachtar gann i nÉirinn anois. Cuireadh stranncán maith ó Bhaile Mhúirne chúcha, cuid ó'n nGailimh, cuid ó Chiaraidhe. Do chuir an tAthair Peadar tuna uaidh féin chúcha; agus do bhailigh Cú Uladh, an fear bocht lán poitín dóibh thall 'sa abhus i dTír Chonaill. 'N-a n-éaghmais sin, is minic ná raibh le fagháil aca acht an bainne géar, an lionn caol, & an bhláthach. Ní ag lochtughadh na ndaoine n-a thaobh soin atáim, mar thugadar uatha go toilteanach é, & ní raibh a mhalairt aca.
Tá atharrach scéil le tamall againn, agus ó tá is dóigh liom-sa nár mhisde dhúinn a tharrac chugainn. D'fhág na Sasannaigh an bairile fúinn féin. Nach mithid dúinn an corc a chur ann? Bhí tuigsint mhór i mbairile ag an máighistir úd a bhí orm-sa, agus déarfadh sé ná tiucfadh leis an nGobán Saor féin é líonadh faid a fágfidhe a leogaint uaidh tríd an uathais mhóir úd 'n-a thóin é.
Ní ag dul i gcumhainge atá an uathais seo, tá seacht gcomhachta ag cabhrughadh le chéile chun í leathanughadh ó ló go ló. Farsingi-gheann rith uisce poll choidhche. Ní'l éan-duine a thógadh suas le galldachas ná déanfaidh sé na daoine a bheidh 'n-a chomhluadar gallda mar é féin. Chonnac-sa an lá eile triúr leanbh óga nár chuaidh ar scoil riamh ghá dhéanamh so le na sean-mháthair agus í i n-aois a ceithre fichid. Bhí "tiss, a laogh," agus "neo, a laogh," agus "mindeen yoursel, a chuidín," ar bharra a teangan ó mhaidin go hoidhche aici dhóibh. Tá an traen agus na camthaí seirbhíseach a bhíonn na feidhil á dhéanamh; tá an post, & buachaillí an phuist a théidheann ó thigh go tigh san tuaith dá dhéanamh; tá páipéar na seachtmhaine á dhéanamh; an gnó céadna ar siubhal san scoil & san séipéal; na timthirí atá amuigh ó sna Bórdaibh seo a bhíonn ag comhairliughadh na bhfeirmeóirí; na tighthe ósta & na cuairteóirí & a lucht leanamhana—tá siad so uile ag méadughadh an phuill úd, mar tá siad ó cheann ceann de'n bhliadhain ag dingeadh Béarla isteach ár gcluasaibh.
Féachaimís anois an bhfuil ár sciath-chosanta leathan láidir a dhóthain chun na náimhde uile seo a choimeád uainn amach. Tá ár seasamh ar na páistíbh. Chíonn gach éinne é sin. Caillimís iad, agus tá sé chomh maith againn 'slán beó' fhágaint ag ár mbairile go deó. Coimeádamís Gaedhealach iad, agus tá an lá linn. Ní fheadar an dtuigid do léightheóirí deacracht an nídh seo ámhthach. Labhradh éan-athair cloinne atá ag casadh le n-a leanbhaí féin a thabhairt suas mar badh chóir. Badh mhaith liom focal ó Pheadar Ó Laoidhléis ar an gceist seo. Sé lóbh is dóigh liom adeir gur cogadh síoraidhe beatha dhuine ar an saoghal. Acht deirm-se ná fuil sa chogadh so acht neamh-nídh seachas an cogadh a bhíonn ar gach teinteán i n-a mbítear ag casadh le leanbhaí do choimeád Geadhealach i n-indheóin na náimhde do áirimhigheas thuas. Agur má's mar seo atá an scéal ag leanbhaí na nGaedhilgeóirí connus atá sé ag an marcsluagh ná tabharfadh a dtúismidhthe biorán buidhe ar ciaca bheidís Gaedhealach nó Gallda! Cad do dhéinimíd-na, muinntir na Gaedhilge, do sna leanbhaíbh seo.
Múinimíd páidreacha Gaedhilge dhóibh, ach is i mBéarla déanfaidh an sagart agus an t-Easpog iad do cheistiughadh; múinimíd dóibh connus Gaedhilg do léigheamh, acht óir is scoil Bhéarla í, caithfidh an Béarla bheith i mbun 's i mbárr ár gcuid oibre. Múinimíd rinnce Gaedhealach dhóibh, acht is i mBéarla dhéanfaid siad cainnt air agus úsáid de n-a dhiaidh sin. Sé an scéal céadna ag gach nídh eile é. Ní'l an fear soin cruthanta fós a dhéanfadh nídh do bh'fearr de leanbhaíbh leis an saghas so oideachais ná Anglo Irishmen. Sin é go cruínn atá againn dá dhéunamh díobh. Ní'l ann acht ag casadh le baraile na tóna briste do líonadh.
Ní'l réiteach na ceiste seo, ná sábháil na teangan le fagháil taobh amuigh de'n scoil Ghaedhealaigh. Is éigin na leanbhaí do chur uirthi, & gach nídh d'oirfidh dóibh a mhúineadh i nGaedhilg. Ní dhéanfadh an galldachas díth ná dochair annsoin dóibh. Do thuitfeadh sé siar síos díobh mar a thuiteann an braon de'n lachain. Ní féidir an teagasc so thabhairt i n-éan-scoil náisiúnta indiu. Ní'l sa cheann is fearr aca so go fíor acht scoil ghallda. Caithfimíd féin, ar an adhbhar soin, costas na scoile d'fhulang sa chéad fháscadh.
Ní'l amhrus ar domhan, ar a shon sain, má chuirfimíd suas í, & má théidheann an obair chun cinn innti—má thigeann linn gnó tairbheach a dhéanamh innti—níl amhras ar domhan ná go ndíolfadh an bórd léighinn asti i gcionn chúpla bliadhain, & ná go leogfaidís dúinne leanamhaint do'n obair do chuireamair ar bun innti.
Is dóigh liom féin go mbeidh eagla an chostais ar an gCoiste Ghnótha; agus má bhíonn is dócha gur bh'fhéidir do dhaoinibh lasmuigh de'n Choiste an t-airgead do dhéanamh suas. Táim chomh cinnte go bhfuil an scoil ag teastáil uainn, chomh cinnte go ndíolfadh an Bórd i gcionn chúpla bliadhan aisti, agus annsoin gur bh'fhéidir dúinn mórán dá saghas a bheith againn; chomh cinnte go bhfuil saoradh na teangan innte, go dtabharfad £5 d'éan-fhuireann Gaedhilgeóirí a chuirfidh le chéile chun í do sholáthar.
Tá saothar mór déanta le deich mbliadhna againn. Ba ró-lag é ár dtosnughadh: Ní'l bliadhain a ghabhann tharainn ná tugamaoid coiscéinn chun cinn—ná téidhimíd pas beag níos aoirde. Is maith é sin. Leanamís de. Excelsior choidhche! Tá coiscéim na bliadhna so gan tabhairt fós againn. Tugaimís chun scoile Chonáin í.
GRUAGACH an TOBAIR.