The Project Gutenberg eBook of Leabhráin an Irisleabhair—III

This ebook is for the use of anyone anywhere in the United States and most other parts of the world at no cost and with almost no restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or re-use it under the terms of the Project Gutenberg License included with this ebook or online at www.gutenberg.org. If you are not located in the United States, you will have to check the laws of the country where you are located before using this eBook.

Title: Leabhráin an Irisleabhair—III

Author: Chonán Maol

Beirt Fhear

Patrick S. Dinneen

Gruagach an Tobair

Release date: June 23, 2005 [eBook #16122]
Most recently updated: December 11, 2020

Language: Irish

Credits: Produced by Brendan O'Connor and the Online Distributed
Proofreading Team at https://www.pgdp.net

*** START OF THE PROJECT GUTENBERG EBOOK LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR—III ***

[Transcribers note: There are two versions of the booklet in this image. The first uses the dotted consonants, the latter a transliteration using 'h' to indicate lenition. To see this text in its original form a Celtic font is needed.]


LEAḂRÁIN AN IRISLEAḂAIR.—III.


Seanaid na nGaedheal

SCOIL ĠAEḊEALAĊ.

Aistí ó
"ĊONÁN MAOL," "BEIRT ḞEAR," "AN tAṪAIR PÁDRAIG Ó DUINNÍN," Agus "GRUAGAĊ AN TOBAIR."

Chonnradh na Gaedhilge

Ar n-a ċur amaċ
do
ĊONNRAḊ NA GAEḊILGE,
Baile Áṫa Cliaṫ.
1903.


CLÁR AN LEAḂRÁIN SEO.

I. Scoil Ġaeḋealaċ, ó "Ċonán Maol."

II. Scoil Ġaeḋealaċ, ó "Ḃeirt Ḟear."

III. Scoil Ġaeḋealaċ, ó'n Aṫair Pádraig Ó Duinnín.

IV. Cuirtear Corc sa Ḃairile feasta, a Uaisle, ó "Ġruagaċ an Tobair."


RÉAṀRÁḊ.


Ṫáinig na haistí leanas annso amaċ i nIRISLEAḂAR na GAEḊILGE, agus táimíd dá gcur i gcló arís le súil go ndéanfaid tuilleaḋ maiṫeasa, agus go gcaḃróġaid ċum brostuġaḋ ar an lá go mbeiḋ scoileanna agus oideaċas na hÉireann go fíor-Ġaeḋealaċ.

Is é an rud atá 'gár lot agus gar gcoimeád siar aċt ná fuilimíd ag déanaṁ úsáid dár dteangaiḋ féin ċum gaċ éan-tsaġas gnóṫa do ċur i gcríċ. Laḃraimís Gaeḋilg leis na leanḃaí scoile, múinimís ealaḋna is eile dóiḃ tríd an nGaeḋilg, is annsoin is gairid an ṁoill go mbeiḋ Éire Gaeḋealaċ amuiġ 's amaċ.

FEAR AN IRISLEAḂAIR.


I. SCOIL ĠAEḊEALAĊ.


Sula dtosnuiġṫear tiġ, léiriġṫear an talaṁ, baintear an fód, róṁarṫar go ḃfaiġtear bun daingean dlúṫ ⁊ cuirtear an ċloċ-ċúinne annsoin. Támuid-ne ag léiriuġaḋ na talṁan. Is gnó tairḃeaċ é ⁊ gnó trom. Támuid ag árduġaḋ tiġṫe leis aċt i n-ionad a gcloċa cúinne do ḋingeaḋ síos mar a ḃfuil an ċré ġlas ċruaiḋ is eaḋ is baoġlaċ go ḃfuilmíd 'gá gcur ar ṫalaṁ ḃog do ċriṫeann fá n-ár gcosaiḃ.

Tá bun is na ceanntraiḃ Gaeḋealaċa agus má ṡuiḋtear tiġ air sin ní réabfaḋ gaoṫ ġuairneáin na nIndiaṫa Ṫoir na tiġ sin.

Measaim gur ḃ'iascaire d'árduiġ an ċéad tiġ i mBaile-Áṫa-Cliaṫ i ḃfad ins na ciantaiḃ. Ní raiḃ aige ċuige aċt cleaṫaċa aḋmaid ċum fallaí, ⁊ scraṫ an tailṁ ċum dín a ṫiġe, aċt as an gcéad ṫosuġaḋ soin d'ḟás Sráid Uí Ċonaill mar a gcuireann Connraḋ na Gaeḋilge fúṫa indiu.

Cuirimís-ne leis tiġ ar bun—scoil Ġaeḋealaċ, i gceanntar Ġaeḋealaċ—is cuma cá mbeiḋ sí suiḋte, ṫiar, ṫuaiḋ nó ṫeas, aċt go mbeiḋ an áit Gaeḋealaċ. Caidé an cuma is fearr ċum a déanta? Is eól d'ár dtimṫirí an áit is oireaṁnaiġe le n-a leiṫéid do ċur ar bun aċt dála na cuma is fearr ċum an ġnóṫa do ċur ċum cinn ḃeinn buiḋeaċ do ċáċ a ċoṁairle ṫaḃairt dúinn.

Dar liom-sa tá an scoil curṫa suas ċeana agus ní ḟuil againn aċt a cruṫ d'aṫarruġaḋ. 'Sí an scoil Ḃéarlaċ úd í do ṫóg an sagart paróiste le caḃair an Ḃuird Oideaċais. Tá sé riaċtanaċ orainn ar dtúis cead an tsagairt agus cead tuismiḋe na leanḃ d'ḟaġáil agus an scoil do ċeannaċ ó'n mBord. Díolfaiḋ an bord í go mear má ḃeiḋ ḟios aca go ḃfuilmíd dáiríriḃ agus go ḃfágfamuis a scoil 'n-a foṫaraċ folaṁ aca ċum scáṫa ṫaḃairt d'uanaiḃ lá fearṫainne. Muna ḃfuil sí oireaṁnaċ d'ár ngnó ḋéanfainn ceann nuaḋ. "Cad do ḋéanfar leis an máiġistir mboċt atá annsúd?" adéarfaiḋ duine éigin. An méid seo go deiṁin. Má tá fios a ġnóṫa aige, sé sin má tá sé 'n-a ċumas Gaeḋilg is léiġeann maiṫ do ṁúineaḋ do'n aos óg, tógfar é ó smaċt an Ḃuird Oideaċais, taḃarfar tuarastal níos fearr dó ná tá aige agus coinġill freisin go ḃfuiġiḋ sé an tuarastal soin ar feaḋ a ḃeaṫaḋ aċt a ġnó do ḋéanaṁ go maiṫ ⁊ aire ṫaḃairt dó féin.

Déarfainn gur ḃ'ḟiú fear maiṫ tuarastal 200 púnt 'sa mbliaḋain, do ṁúinfeaḋ an leanḃ ó ṫosaċ i nGaeḋilg, ⁊ do ḋéanfaḋ clár oibre mar leanas:—

GARSÚIN IS GEARRĊAILLÍ I n-ÉINḞEAĊT AMUIĠ IS AMAĊ LE SÉ BLIAḊNA D'AOIS,

An ċéad ḃliaḋain:

Gaeḋilg aṁáin is Teagasc Crióstuiḋe.

An dara bliaḋain, ⁊ as soin go dtí an t-aonṁaḋ bliaḋain déag:

Gaeḋilg, Stair, Teagasc Críostuiḋe, Áireaṁ, léar-eólas, Béarla—gaċ níḋ múinte ṫre Ġaeḋilg.

An t-aonṁaḋ bliaḋain déag:

Ealaḋna eile, Tóṁas Cruinne, ⁊ Úclid.

Ó'n t-aonṁaḋ bliaḋain déag suas:

Caiṫfear bean-ṁúinte do ṡoláṫar do na cailíníḃ i dteannta an ṁáiġistir, do ṁúinfiḋ Fuaġáil, Cniotáil, Niġeaċán, Cócaireaċt is gaċ níḋ do ḃaineann le tiġ, is le héanlaiṫe.

Ba ċóir go ḃfuiġṫiḋe a leiṫéid sin de ṁúinteóir ar ċéad go leiṫ 'sa mbliaḋain ⁊ ar an oiread céadna fear do ṁúinfeaḋ míniuġaḋ talṁan do na buaċaillíḃ.

Caiṫfear trí acra do ċeannaċ cois na scoile i gcóir gaċ saġas míniuġaḋ talṁan do ṁúineaḋ ḋóiḃ ní aṁáin as leaḃraiḃ aċt as obair láṁ. Is leis na haosánaiġ toraḋ na talṁan soin ⁊ cuirfear i dtaisce ḋóiḃ a luaċ, mar díolfar ar an margaḋ na barraí.

Is é míniuġaḋ talṁan an t-eólas is oireaṁnaiġe d'ár ndaoiniḃ indiu. Níor múineaḋ fós dóiḃ é, agus tá a rian air, támuid creaċta ag tíorṫaiḃ deórata toisc naċ ḃfuil an t-eólas cruinn againn le soċar do ḃaint as an dtalaṁ. Deir fir eólaċa go mbainfiḋe a ċúig n-oiread soċair as an dtalaṁ so againn is baintear as indiu. Dá mbainfiḋe féin ba ḃeag an ḃriġ ḋúinn-ne é mar ḃeaḋ sé go dtí seo ag an bpéist sin an máiġistir talṁan. Tá breacaḋ an lae ċuġainn áṁ, agus is miṫid d'ḟeirmeóiríḃ na hÉireann iad féin do ġléasaḋ. Tá daoine eile lasmuiġ ag déanaṁ airgid as a gcuid talṁan agus ár dtír-ne ag dul ċum fiaḋantais.

Ṫall i nAlbain an t-am so de ḃliaḋain is gnáṫaċ le feirmeóirí na sciolṫáin do ċur i mboscaíḃ istiġ i dtiġṫiḃ agus iṫir is aoileaċ do ċur leó go séideann na bog-ġais ṫre ṡúiliḃ na sciolṫán soin. 'Sa ṁí seo ċuġainn sáiṫfear na sciolṫáin sin i dtalaṁ is beiḋ prátaí nua san Abrán atá ċuġainn aca súd. Ċonnac fiċe púnt dá ṫaḃairt ar ṫonna prátaí nua roiṁ Ḃealtaine i gcaṫair Lúnduin. Ní áiteóṁaḋ an saoġal orm 'ná go ḃfuil sé i gcumas feirmeóirí na hÉireann an rud céadna do ḋéanaṁ. Ṫáid siad ċoṁ gasta is ċoṁ críoċnaṁail leó súd ṫall, aċt aṁáin naċ ḃfuil eólas míniġṫe talṁan aca. Ní féidir leó dá réir sin ḋá ḃarra prátaí do ḃaint as an dtalaṁ i n-éin-ḃliaḋain aṁáin ⁊ an leasuġaḋ ceart do ċur ar n-ais ann gcás ná raġaḋ an talaṁ soin i ndísc.

"An as scoilín Gaeḋealaċ do ṁeasann tú an t-eólas soin do ṁúineaḋ do na feirmeóiríḃ?" adéarfaiḋ duine éigin, is é ag leaṁ-ġáiriḋe. Go réiḋ, a ḋalta. Ni ḟuil síol-ċnó na daire ċóṁ mór le méaracán, aċt féaċ ar ḃile na coille d'ḟásann uaiḋ, a ċeann go hárd, a ṗréaṁa go doiṁin, a ċaḃail ṫoirteaṁail, a ġéaga reaṁra, riġne. D'ḟás an crann uaiḃreaċ soin as beagán, ní raiḃ deaḃaḋ 'ná deiṫneas air, aċt níor staon sé riaṁ gur ḟás sé. Féaċ go cruinn air, is maċtnuiġ!

D'éis an ċéad scoil Ġaeḋealaċ do ċur ar bun ⁊ taiṫiġe ḃeiṫ againn ar an ngnó, is féidir linn scoileanna eile d'ḟaġáil mar a múinfear gaċ uile ċéird do ṫeastóċaiḋ uainn i nÉirinn, mar atá leasuġaḋ leaṫair, gréasuiḋeaċt, fiġeadóireaċt, táilliúireaċt, siúinéireaċt, ⁊ cearda eile. Cuirfear árdscoil ar bun i mBaile Áṫa Cliaṫ, nó gCorcaiġ, nó i nGailliṁ, le haġaiḋ gaċ ealaḋa ṫairḃeaċ do ṁúineaḋ as Gaeḋilg do'n aos óg do ṫoġfar as na scolaiḃ Gaeḋealaċa. Ċuir ár sinsir scoileanna na Teaṁraċ is Ċluana, Ḃeannċoir is Árdmaċa ar bun, ⁊ leaṫ a gcáil ar fuid an tsaoġail. Tá an ḟuil ċéadna ionnainne. Misneaċ, a ċlann ó! Is linn-ne tír ġeal-innseaċ na hÉireann, ⁊ is gearr go mbeiḋ sí againn le congnaṁ Dé.


Mar a gcuireann C. na G. fúṫa, where the G.L. put up (reside). Tuismiḋe, parents. Áireaṁ, Arithmetic. Léar-eólas, Geography. Tóṁas Cruinne, Geometry. Míniuġaḋ talṁan, Agriculture. Aosánaiġ, youngsters. Tíorṫa deórata, foreign countries. Sciolṫáin, "cut" potatoes for seed. Iṫir, earth-mould. Ní áiteoṁaḋ ⁊rl. The world would not persuade me. Críoċnaṁail, industrious. Síol-ċnó na daire (no daraċ), the seed nut of the oak, acorn.

CONÁN MAOL.


II. SGOIL GAEḊEALAĊ.


Tá an ceart ar fad ag Conán Maol. Teastuiġeann sgoil Ġaeḋealaċ uainn. Ní múineaḋ atá againn i nÉirinn anois aċt creaċaḋ, ⁊ tá a rian orainn. Tá an donas a' teaċt ar ár dtír. Ní'l againn aċt bliaḋain níos measa 'ná a ċéile. Tá muinntir na tuaiṫe a' scaipeaḋ agus a' meaṫaḋ, ⁊ tá na sráid-ḃáiltí beaga ag dul i n-olcas gan aonaċ gan margaḋ foġanta.

Féaċaimís ar an dtalaṁ agus ar ċuradóireaċt na tíre. Tá an ċuid is mó de'n talaṁ leaṫ-ḃáiṫte le huisge, ⁊ ní haṁáin an talaṁ ísiol aċt leicne árda. Is orṫa tá na barraí breaġṫa luaċra a' fás ⁊ gan duine ná daoine a róṁarfaḋ díog ċun iad a ṫiormuġaḋ. Féaċ feirmeóirí na hÉireann a' díol a gcod' coirce ar ḋá ṫeistiún an ċloċ ⁊ a' taḃairt sgillne ar Castalia nó ar rud éicint eile go ḃfuil ainm ṁór air.

Féaċ ár dtír agus í maol ó ċrannaiḃ. Nuair do b'ḟéidir leis na huaisliḃ crainn a ċur níor ċuireadar iad. Dá gcuirfidís ní ḃeidís anois mar ḃeaḋ bacaiġ a dúṫaiġ ag iarraiḋ déarca ar Ḃuindeam. Ḃeaḋ airgead i n-a bpócaíḃ aca ⁊ ḃeaḋ obair ag luċt oibre atá anois a' teiṫeaḋ as Éirinn. Agus cad is cionntaċ leis seo? An saġas taḃairt suas a fuaireadar. Níor ċeap éinne go mba ċeart d'uaisliḃ na hÉireann eólas do ḃeiṫ aca ar ṫalaṁ na hÉireann. 'Seaḋ! tá toraḋ a ndeaġ-oibreaċa aca anois, ⁊ is baoġlaċ liom-sa naċ ag dul i ḃfeaḃas a ḃeiḋ an sgéal aca feasta.

Aċt cad deir an feirmeóir? Ceapann seisean ná fuil éan-ṁaiṫeas i gcrainn aċt iad do ġearraḋ ⁊ a ḋóġaḋ. "Ní'l siad aċt a' suġaḋ briġe an tailiṁ." Ní baoġal dó-san crann a ċur. Gearrann sé an crann mar ġeall ar a ḃeiṫ 'sa' tsliġe air, aċt bíonn na mílte feóċadán ⁊ geósadán a' fás i n-a ṗáirc aige.

Nuair a ḃí sé seo 'n-a ġarsún a' dul ar sgoil fuair sé árd-ṁúineaḋ. Ḃí ḟios aige cia'ca an cnoc is aoirde 'sa' doṁan. Do 'neósfaḋ sé ḋuit an méid uisge ġaḃ le fánaiḋ le bliaḋain i n-aḃainn ṁóir íoċtair Aimeirice, ⁊ ḃí cúnntas cruinn aige ar aṫair agus ar ṁaṫair ríoġ ḃí 'sa' Róiṁ na mílte bliaḋan ó ṡoin. Baḋ ḋóiġ le duine gur aḋḃar captaín a ḃí 'sa' ġarsún agus an saġas foġluim a fuair sé ar sgoil. Nár ċóir go mbeaḋ an ḃeag nó an ṁór d'eólas le faġáil aige ar an tsliġe ḃeaṫaḋ ḃí i ndán dó. Aċt ní mar sin a ḃí. Ċonnaic sé na crainn a' fás; ċonnaic sé an duilleaḃar a' séideaḋ ins an Earraċ ⁊ a' tuitim 'sa' ḃFoġṁar; aċt níor ċuir éinne 'n-a ċeann ná raiḃ ó'n gcrann úd ar ṫaoḃ an ḃóṫair aċt greim ḟaġáilt ar an dtalaṁ ⁊ go mbeaṫóċaḋ an t-aer é.

Is cuiṁin liom-sa sean-daoine nár ċaiṫ lá riaṁ ar sgoil, ⁊ geallaim ⁊ deiṁinġim gur mó an t-eólas a bí aca ar ċuradóireaċt ⁊ ar niḋṫiḃ a ḃaineann le saoṫruġaḋ na talṁan 'ná ḃíonn anois aca so a ċaiṫeann na bliaḋanta ar sgoil.

Ní héin-iongnaḋ an sgéal a ḃeiṫ mar seo ag ógánaiġ na haimsire seo. Tagann mórán d'ár gcuid eólais ċuġainn ó ḋúṫċas. Pé eólas a ḃí ag ár seaċt-sinsearaiḃ is i nGaeḋilg do b'ḟéidir leó é ċur i n-uṁail dá gclainn; aċt ní raiḃ éin-ṁesa aca-san ar Ġaeḋilg. Ċaiṫeadar uaṫa í, ⁊ i n-a ṫeannta sgaradar le heólas na sean-daoine a ṫáinig rómpa. B'ḟéidir go raiḃ beagán d'eólas a ṡinsear ag an bpáisde ar ḋul ar sgoil dó ar dtúis. Aċt, má ḃí, níor b'ḟada gur stracaḋ as na préaṁaċaiḃ an t-eólas so, ⁊ má ḟágaḋ éan-ċuid de gan stracaḋ, do múċaḋ é le carta an Ḃéarla sara raiḃ an leanḃ leaṫ-ḃliaḋain ar sgoil. Ṫug na múinteóirí iarraċt ar síol an Ḃéarla a ċur. Ní raiḃ an iṫir ró-oireaṁnaċ, ⁊ ba ṁinic an síol go holc, ⁊ ba ṁeasa é an leasuġaḋ, ⁊ b'é deireaḋ an sgéil é gur ḟág an sgoláire an sgoil ⁊ é gan Ḃéarla gan Ġaeḋilg.

Ḃfuil leiġeas le faġáil ar an aicíd seo? Tá, gan aṁras. Tá an leiġeas ag an ndorus againn. Tá an leiġeas i dteangain ár sinsear. Molaḋ le Dia! tá an leiġeas ag oibriuġaḋ anois. Tá síol curṫa i n-iṫir ṁaiṫ. Ba ṁaiṫ linn-ne dá ḃfeicimís an geaṁar a' teaċt suas níos treise ⁊ níos tiuġa 'ná atá sé. Aċt bíoḋ foiḋne againn. "Tagann gaċ maiṫ le cáirde," ⁊ "I ndiaiḋ 'ċéile ḋéantar na caisleáin." Beiḋ barra maiṫ againn fós, le congnaṁ Dé.

Ní doig liom féin gur ṫáinig an t-am fós ċun Sgoil Ġaeḋealaċ "Ċonáin Ṁaoil" a ċur ar bun.

'Sé is ceart dúinn úsáid a ḋéanaṁ des na sgoileanna atá againn. Má is maiṫ leis na stiúrṫóirí é, is féidir leó Sgoil Ġaeḋealaċ a ḋéanaṁ d'éan-sgoil atá fúṫa. Anois ní fuláir nó tá sagart le faġáil i Gceanntar Ġaeḋealaċ a ċuirfeaḋ Sgoil Ġaeḋealaċ ar bun. Agus muna ḃfuil a leiṫéid seo le faġáil, cuirimís sgoil oiḋċe suas. Tá airgead le faġáil ó'n Riaġaltaċas ar an obair seo. Is féidir linn-ne greim ḟaġáil ar ċuid de ċun na Gaeḋilge a ṁúineaḋ ⁊ ní dóiġ liom-sa go ḃfuil aon scairt 'sa' ḃearnain le cosg a ċur orainn.

"An té ná bíonn láidir
Ní fuláir do ḃeiṫ glic."

Ní'lmid-ne láidir fós, ⁊ nuair ná fuilmid, 'sé is fearra ḋúinn a ḋéanaṁ 'ná greim a ḃreiṫ ar gaċ buntáiste ⁊ úsáid a ḋéanaṁ díoḃ ar son na Gaeḋilge.

"Glac a ḃfaiġir ⁊ díol a ḃféadfair."

BEIRT ḞEAR.

Gluais.

Creaċaḋ, spoiling. A' scaipeaḋ ⁊ a' meaṫaḋ scattering and decaying. Sráid-ḃailtí, villages. Leicne árda, high hill-sides. Ḋá ṫuistiún an ċloċ, eightpence a stone. Maol ó ċrannaiḃ, bare of trees. Crainn a ċur, to plant trees. Ag iarraiḋ déarca, seeking alms. Cad is cionntaċ, what is to blame for this. Taḃairt suas, up-bringing, education. Ní baoġal dó-san crann ċur, no fear of his planting trees. Cia'ca an cnoc is aoirde, which is the highest mountain. Ġaḃ le fánaiḋ, went down. An ḃeag nó an ṁór d'eólas, some little or much knowledge. Curadóireaċt, agriculture. Is i nGaeḋilg do b'éidir leó, in Irish they were able to make it known to their children. Stracaḋ as na préaṁaċa, torn out of the roots. An iṫir, the soil. Geaṁar, young grass. Scairt sa ḃearnain, a bush in the gap.


III. SCOIL ĠAEḊEALAĊ.


Is beag an ṁaiṫeas dúinn ḃeiṫ ag tráċt ṫar Ġaeḋilg ⁊ ag áiteaṁ ar ḋaoiniḃ gur beó-ṫeanga í muna ḃféadfaimíd í ṡaoṫruġaḋ mar ṡaoṫruiġṫear gaċ beó-ṫeanga 'san Eóraip. Is beag an ṁaiṫeas ḃeiṫ ag iarraiḋ smaċt a ċur ar ḋaoiniḃ boċta gáḃataraċa, ar luċt iascaireaċta, ar luċt scláḃaiḋeaċta, is ar a leiṫéidiḋiḃ, ḃeiṫ ag iarraiḋ maide a ṫaḃairt dóiḃ muna laḃarfaid Gaeḋilg iad féin is muna laḃarfaid Gaeḋilg le n-a bpáistiḋiḃ ⁊ ḃeiṫ ag gearán ná fuil ruainne do'n Spioraid Ġaeḋealaiġ fágṫa 'n-a measc nuair a ṁoṫuiġtear an tuile ag tráġaḋ ⁊ gan caoi ar ċasaḋ aici. Is beag an ṁaiṫeas é sin go léir muna ḃféadaimíd gaċ níḋ ḃaineann le n-a ngnó saoġalta do ṁúineaḋ dos na daoiniḃ i nGaeḋilg. Muna ḃfuil briġ 'san Ġaeḋilg fé láṫair aċt ċum iasc do ċoṁaireaṁ nó cearca do ḋíol ar ṁargaḋ nó déirc a lorg ó ṫiġ go tiġ nó fós ċum aṁráin ṡultṁara do ċanaḋ le hais na teineaḋ, ní fada ḟanfaiḋ fiú na bríoġ soin féin innti, agus is beag an ṁaiṫeas dúinn ḃeiṫ ag gaḃáil dí agus ag taḃairt iarraċta ar í ċoimeád 'n-a beaṫaiḋ. Ní féadfaiḋ daoine ḃeiṫ i gcoṁnuiḋe ag díol cearc nó ag coṁaireaṁ éisc nó ag lorg na déirce—caiṫfear a lán rudaiḋe naċ iad a ḋéanaṁ, ⁊ muna mbeiḋ sé i gcumas na ndaoine iad a ḋéanaṁ i nGaeḋilg déanfar i mBéarla iad agus léigfear an Ġaeḋilg le fuaċt is le failliġe. Má ḟanann gaċ duine óg is aosta, a laḃrann Gaeḋilg is ná fuil taḃairt suas i mBéarla air, má ḟanann sé 'n-a illiterate, má's éigin dó a ṁarc (×) a ċur i bpáipéar i n-ionad a anma, má's éigin dó múinteóir Béarla d'faġáil dá ċlainn nó iad a ḃeiṫ 'n-a n-illiterates mar é féin—má leantar do'n ċleas soin, is gearr a ḃeiḋ a leiṫéidí sin d'illiterate n-ár measc, is geárr a ḃeiḋ Béarla ag éinne aċt draḃġail ḃeag gan ḃriġ. Cad do ruaig an Ġaeḋilg as Conntae Luimniġ, as Conntae Tiobrad Árann, as ur-ṁór de Ċonntae Ċorcaiġe, as Caṫair Ċorcaiġe agus as conntaeṫiḃ is caṫraċaiḃ naċ iad? Cad do ċuir an fán uirṫi, ó aimsir an droċ-ṡaoġail go dtí seo? 'Neosad-sa díḃ cad do ċuir fán is ruagairt ar ár dteangain. Leaṫ-ċéad bliaḋan o ṡoin nó ós a ċionn ḃí sí dá laḃairt go flúirreaċ ag óg is aosta ar fuaid na Muṁan, ⁊ ba ḋóiġ le duine ná tiocfaḋ aon ḃriseaḋ go bráṫ uirṫi. Ḃí filiḋeaċt le faġáil aisti, ḃí scéalta fiannaiḋeaċta le faġáil aisti, ḃí coṁráḋ suilt is grinn le faġáil aisti. Dar ndóiġ ba ṁaiṫ an rud sain. Aċt ní ḟéadfaḋ daoine maireaċtaint ar rannaiḃ filiḋeaċta, is ní ḃainfeaḋ eaċtraiḋe ar Oisín is ar Oscar an tart ná an t-ocras de ṁuiriġean óg neaṁ-ċongantaċ. Níor féadaḋ dul ċum cinn le gnó an tsaoġail gan taḃairt suas éigin oireaṁnaċ, ⁊ ní raiḃ an taḃairt suas soin le faġáil i nGaeḋilg, ⁊ ḃí sé le faġáil i mBéarla. Dá ḃriġ sin cuireaḋ an Ġaeḋilg i leaṫ-taoiḃ ⁊ tá a rian uirṫi indiu. Tá an rud céadna soin ar siuḃal fá láṫair. Táṫar ag cur na Gaeḋilge i leaṫ-taoiḃ d'ḟonn taḃairt suas tairḃeaċ d'ḟaġáil i mBéarla. Agus beifear dá cur i leaṫ-taoiḃ go mbeiḋ sé 'n-ar gcumas teagasc oireaṁnaċ tairḃeaċ a ṫaḃairt i nGaeḋilg do'n aos óg a laḃrann í do réir ḋúṫċais. Is maiṫ an rud timṫiriḋe do scaoileaḋ amaċ fá'n dtuaiṫ; is maiṫ an sud craoḃaċa do ċur ar bun annso is annsúd 'sna críoċaiḃ Gaeḋealaċa. Ní'l aon loċt agam le faġáil orṫa, aċt creid mise leis ní réiḋteoċaiḋ timṫiriḋe an ċeist go lá an ċunntais. Dá mbeaḋ timṫire againn i gcóir gaċ sráid-ḃaile nó gaċ baile Gaeḋealaċ ⁊ gaċ timṫire a ḃeiṫ ag obair go dian dúṫraċtaċ ó ċeann ceann na bliaḋna, dá mbeaḋ craoḃ do Ċonnraḋ na Gaeḋilge i ngaċ baile ⁊ na leaḃair is deise 'san doṁan dá gcur amaċ gaċ seaċtṁain agus an ceól is bríoġṁaire i nÉirinn dá spreagaḋ agus an rinnce is anamaṁla le faġáil fá ġléas againn—ní ċuirfeaḋ na neiṫe sin go léir sonas ná bail ar ár dteangain dá mbaḋ rud é gur ḃ'éigin do'n aos óg iompóḋ ar an mBéarla ċum an taḃairt suas d'oireann dóiḃ dá ngnó saoġail d'ḟaġáil. Is mar sin atá an scéal fá láṫair, agus is mar sin a ḃeiḋ an scéal go gcuirfear scoileanna fíor-Ġaeḋealaċa ar bun. Aċt mar adeir Conán Maol, tosnuiġtear le héan-scoil aṁáin. Bíonn gaċ aon tosnuġaḋ lag. Lastaréan-ċoinneal ḃeag aṁáin mar ṫosnuġaḋ, agus is gearr go mbeiḋ soillse ar ndóṫain againn. An ḃfeacaḃar riaṁ an ċuma i n-a lastar na coinle 'sna heaglasaiḋiḃ. Nuair a ḃíonn cruinniuġaḋ mór bailiġṫe le ċéile agus coinneal i láiṁ gaċ duine aca, faġṫar aon ḃuaiceas ḃeag aṁáin; lastar í; lastar coinneal i láiṁ ḋuine éigin léi, druideann an duine sin a ċoinneal ar lasaḋ ċum coinle a ċoṁursan, ⁊ lasann a ċoinneal; lasann siúd coinneal an té ḃíonn le n-ais, agus dá réir sin riṫeann an teine ó ḋuine do duine, agus is gearr an ṁoill go ḃfeictear blaoḋm solais ag gealaḋ na heaglaise go lonnraċ agus ag cur compórd is áṫas ar na daoiniḃ ar fad. Is mar sin a ḃeiḋ an scéal againn i dtaoiḃ na scoile, cuirtear aon scoil aṁáin ar bun; lastar an ċoinneal ḃeag aṁáin, agus is gearr le congnaṁ Dé go mbeiḋ blaoḋm soluis ag éirġe ó ċúig áirdiḃ na hÉireann ná múċfar go deó na ndeór. Is miṫid dúinn tosnuġaḋ. Is cuma cá gcuirfear an scoil sin ar bun—i nDún na nGall, i gConntae na Gailliṁe nó i gCiarraiḋe. Aċt ó's Ciarraiḋeaċ Conán Maol, ó's Ciarraiḋeaċ "Beirt Ḟear" agus ó's Ciarraiḋeaċ mé féin, agus nuair ná fuil aon ċríoċ ná Conntae eile ag taḃairt fá'n obair seo, is dóiġ liom gur fearra ḋúinn tosnuġaḋ le Ciarraiḋe—áit éigin ṫiar an fad i mBaile an Ḟeirtéiriġ nó i nÍḃráṫaċ nó i nGleann Beiṫe. B'ḟearr liom aon scoil fíor-Ġaeḋealaċ aṁáin 'ná ḋá ṫimṫire. Caiṫfear airgead do ṡoláṫar aċt ní dóiġ liom go bfágfaiḋ na Ciarraiḋiġ cibé áit i n-a ḃfuil siad aon easnaṁ orainn, agus ní'l aṁras ná go dtaḃarfaiḋ an Árd-ḟeis congnaṁ dúinn agus go mbeannóġaiḋ sí ár n-obair. Tosnuiġmís le congnaṁ Dé agus do réir mo ṫuairime níor rinneaḋ obair riaṁ ar son ár dteangan níos fearr 'ná an obair do ċeap Conán Maol.

PÁDRAIG UA DUINNÍN.


IV. CUIRTEAR CORC SA ḂAIRILE FEASTA, A UAISLE.


Nuair ḃíos-sa ar scoil sa tseana-ṡaoġal, ní raiḃ náṁaid ba ṁó agam ná bairile. Seo mar a ṫárlaiḋ sin. An mí-ḟortún máiġistir a ḃí againn, ní raiḃ oiread mo ḋuirn ann, aċt ḃí béic asail aige, ⁊ rud ba ṁeasa na soin, slat ċoṁ fada le slat Ṁaoise. "Anois" adeireaḋ sé, agus é ag rástáil síos agus suas, agus ag fáscaḋ na slaite ar tí na súl a ḃaint asainn, "tá bairile áiriṫe ann agus ḋá ṗoll ann—poll 'n-a ḃun agus poll 'n-a ḃarr, agus ḋá corc ionnta. Dá mbeaḋ an bairle lán d'uisce agus go dtarraiceoġṫá an corc ṫíos do ḃeaḋ an bairile follaṁ i gcionn deiċ nóimití; aċt dá mbeaḋ sé follaṁ ⁊ go leogfá uisce isteaċ ann tríd an bpoll ṫuas, do ḃeaḋ sé lán i gcionn ḋá nóimit déag. Cuir i gcás anois go mbeaḋ an bairile lán, agus go dtarraiceoġṫá an dá ċorc i n-éinḟeaċt, cahuin a ḃeaḋ sé i n-dísc?"

Is ar an gceist seo do ċuiṁniġeas an lá fé ḋeireaḋ nuair ċonnac aiste Ċonáin Ṁaoil mar ġeall ar an scoil Ġaeḋealaiġ. Mar is solaoid d'Éirinn an bairile úd. Ḃí sí ar scéiḋe de Ġaeḋilg—cnuasaċ saoṫair intinne ár sinsear roṁainn. Annsoin, do ṫáinig an fealltóir Sasannaiġ, ⁊ do ḋein sé poll i dtóin an ḃairile, agus siúd an t-uaċtar saiḋḃir le fánaiḋ. I n-ionad an ṗuill a stop is aṁlaiḋ a ḃíomar-na, ar nós ḃraisile leanḃ timċeall loċáin ar ṫaoḃ sráide glagair, ag rinnce ⁊ ag bualaḋ bas le spórt nuair ċoncamair na caisí geala ag gaḃáil síos, agus do rop cuid againn ár méaranna sa ṗoll ġá ḟairsingiuġaḋ i gcás go mbeaḋ tuile níos mó againn.

Sul a raiḃ an tubaist ar fad déanta againn do ṫáinig fir ċalma Ċonnraḋ na Gaeḋilge d'ár gcose. D'éis aġaiḋ béil a ṫaḃairt orainne do ċuadar ag stop an ṗuill. Aċt níor leog an Sasannaċ dóiḃ é.

"Pé níḋ is mar a ḋeineann an Bairile," ar sé, "is liom-sa an poll soin, agus ní leóṁṫaiḋ siḃ barra méire a leogaint air."

"Déinimís poll i gceann an ḃairilie" arsa na fir, "agus cuirimís tuilleaḋ uaċtair ann."

Do déanaḋ mar sin, agus do ċuireadar fios ar uaċtar ar fuid na tíre le cur 'sa' ḃairile; aċt, foríor! tá uaċtar gann i nÉirinn anois. Cuireaḋ stranncán maiṫ ó Ḃaile Ṁúirne ċúċa, cuid ó'n nGailiṁ, cuid ó Ċiaraiḋe. Do ċuir an tAṫair Peadar tuna uaiḋ féin ċúċa; agus do ḃailiġ Cú Ulaḋ, an fear boċt lán poitín dóiḃ ṫall 'sa aḃus i dTír Ċonaill. 'N-a n-éaġmais sin, is minic ná raiḃ le faġáil aca aċt an bainne géar, an lionn caol, ⁊ an ḃláṫaċ. Ní ag loċtuġaḋ na ndaoine n-a ṫaoḃ soin atáim, mar ṫugadar uaṫa go toilteanaċ é, ⁊ ní raiḃ a ṁalairt aca.

Tá aṫarraċ scéil le tamall againn, agus ó tá is dóiġ liom-sa nár ṁisde ḋúinn a ṫarrac ċugainn. D'ḟág na Sasannaiġ an bairile fúinn féin. Naċ miṫid dúinn an corc a ċur ann? Ḃí tuigsint ṁór i mbairile ag an máiġistir úd a ḃí orm-sa, agus déarfaḋ sé ná tiucfaḋ leis an nGobán Saor féin é líonaḋ faid a fágfiḋe a leogaint uaiḋ tríd an uaṫais ṁóir úd 'n-a ṫóin é.

Ní ag dul i gcuṁainge atá an uaṫais seo, tá seaċt gcoṁaċta ag caḃruġaḋ le ċéile ċun í leaṫanuġaḋ ó ló go ló. Farsingi-ġeann riṫ uisce poll ċoiḋċe. Ní'l éan-duine a ṫógaḋ suas le galldaċas ná déanfaiḋ sé na daoine a ḃeiḋ 'n-a ċoṁluadar gallda mar é féin. Ċonnac-sa an lá eile triúr leanḃ óga nár ċuaiḋ ar scoil riaṁ ġá ḋéanaṁ so le na sean-ṁáṫair agus í i n-aois a ceiṫre fiċid. Ḃí "tiss, a laoġ," agus "neo, a laoġ," agus "mindeen yoursel, a ċuidín," ar ḃarra a teangan ó ṁaidin go hoiḋċe aici ḋóiḃ. Tá an traen agus na camṫaí seirḃíseaċ a ḃíonn na feiḋil á ḋéanaṁ; tá an post, ⁊ buaċaillí an ṗuist a ṫéiḋeann ó ṫiġ go tiġ san tuaiṫ dá ḋéanaṁ; tá páipéar na seaċtṁaine á ḋéanaṁ; an gnó céadna ar siuḃal san scoil ⁊ san séipéal; na timṫirí atá amuiġ ó sna Bórdaiḃ seo a ḃíonn ag coṁairliuġaḋ na ḃfeirmeóirí; na tiġṫe ósta ⁊ na cuairteóirí ⁊ a luċt leanaṁana—tá siad so uile ag méaduġaḋ an ṗuill úd, mar tá siad ó ċeann ceann de'n ḃliaḋain ag dingeaḋ Béarla isteaċ ár gcluasaiḃ.

Féaċaimís anois an ḃfuil ár sciaṫ-ċosanta leaṫan láidir a ḋóṫain ċun na náiṁde uile seo a ċoimeád uainn amaċ. Tá ár seasaṁ ar na páistíḃ. Ċíonn gaċ éinne é sin. Caillimís iad, agus tá sé ċoṁ maiṫ againn 'slán beó' ḟágaint ag ár mbairile go deó. Coimeádamís Gaeḋealaċ iad, agus tá an lá linn. Ní ḟeadar an dtuigid do léiġṫeóirí deacraċt an níḋ seo áṁṫaċ. Laḃraḋ éan-aṫair cloinne atá ag casaḋ le n-a leanḃaí féin a ṫaḃairt suas mar baḋ ċóir. Baḋ ṁaiṫ liom focal ó Ṗeadar Ó Laoiḋléis ar an gceist seo. Sé lóḃ is dóiġ liom adeir gur cogaḋ síoraiḋe beaṫa ḋuine ar an saoġal. Aċt deirm-se ná fuil sa ċogaḋ so aċt neaṁ-níḋ seaċas an cogaḋ a ḃíonn ar gaċ teinteán i n-a mbítear ag casaḋ le leanḃaí do ċoimeád Geaḋealaċ i n-inḋeóin na náiṁde do áiriṁiġeas ṫuas. Agur má's mar seo atá an scéal ag leanḃaí na nGaeḋilgeóirí connus atá sé ag an marcsluaġ ná taḃarfaḋ a dtúismiḋṫe biorán buiḋe ar ciaca ḃeidís Gaeḋealaċ nó Gallda! Cad do ḋéinimíd-na, muinntir na Gaeḋilge, do sna leanḃaíḃ seo.

Múinimíd páidreaċa Gaeḋilge ḋóiḃ, aċ is i mBéarla déanfaiḋ an sagart agus an t-Easpog iad do ċeistiuġaḋ; múinimíd dóiḃ connus Gaeḋilg do léiġeaṁ, aċt óir is scoil Ḃéarla í, caiṫfiḋ an Béarla ḃeiṫ i mbun 's i mbárr ár gcuid oibre. Múinimíd rinnce Gaeḋealaċ ḋóiḃ, aċt is i mBéarla ḋéanfaid siad cainnt air agus úsáid de n-a ḋiaiḋ sin. Sé an scéal céadna ag gaċ níḋ eile é. Ní'l an fear soin cruṫanta fós a ḋéanfaḋ níḋ do ḃ'fearr de leanḃaíḃ leis an saġas so oideaċais ná Anglo Irishmen. Sin é go cruínn atá againn dá ḋéunaṁ díoḃ. Ní'l ann aċt ag casaḋ le baraile na tóna briste do líonaḋ.

Ní'l réiteaċ na ceiste seo, ná sáḃáil na teangan le faġáil taoḃ amuiġ de'n scoil Ġaeḋealaiġ. Is éigin na leanḃaí do ċur uirṫi, ⁊ gaċ níḋ d'oirfiḋ dóiḃ a ṁúineaḋ i nGaeḋilg. Ní ḋéanfaḋ an galldaċas díṫ ná doċair annsoin dóiḃ. Do ṫuitfeaḋ sé siar síos díoḃ mar a ṫuiteann an braon de'n laċain. Ní féidir an teagasc so ṫaḃairt i n-éan-scoil náisiúnta indiu. Ní'l sa ċeann is fearr aca so go fíor aċt scoil ġallda. Caiṫfimíd féin, ar an aḋḃar soin, costas na scoile d'ḟulang sa ċéad ḟáscaḋ.

Ní'l aṁrus ar doṁan, ar a ṡon sain, má ċuirfimíd suas í, ⁊ má ṫéiḋeann an obair ċun cinn innti—má ṫigeann linn gnó tairḃeaċ a ḋéanaṁ innti—níl aṁras ar doṁan ná go ndíolfaḋ an bórd léiġinn asti i gcionn ċúpla bliaḋain, ⁊ ná go leogfaidís dúinne leanaṁaint do'n obair do ċuireamair ar bun innti.

Is dóiġ liom féin go mbeiḋ eagla an ċostais ar an gCoiste Ġnóṫa; agus má ḃíonn is dóċa gur ḃ'ḟéidir do ḋaoiniḃ lasmuiġ de'n Ċoiste an t-airgead do ḋéanaṁ suas. Táim ċoṁ cinnte go ḃfuil an scoil ag teastáil uainn, ċoṁ cinnte go ndíolfaḋ an Bórd i gcionn ċúpla bliaḋan aisti, agus annsoin gur ḃ'ḟéidir dúinn mórán dá saġas a ḃeiṫ againn; ċoṁ cinnte go ḃfuil saoraḋ na teangan innte, go dtaḃarfad £5 d'éan-ḟuireann Gaeḋilgeóirí a ċuirfiḋ le ċéile ċun í do ṡoláṫar.

Tá saoṫar mór déanta le deiċ mbliaḋna againn. Ba ró-lag é ár dtosnuġaḋ: Ní'l bliaḋain a ġaḃann ṫarainn ná tugamaoid coiscéinn ċun cinn—ná téiḋimíd pas beag níos aoirde. Is maiṫ é sin. Leanamís de. Excelsior ċoiḋċe! Tá coiscéim na bliaḋna so gan taḃairt fós againn. Tugaimís ċun scoile Ċonáin í.

GRUAGAĊ an TOBAIR.


AN CLÓ-ĊUMANN, (Teóranta),
Clódóirí Gaeḋilge, Sráid Ṁór na Tráġa,
Baile Áṫa Cliaṫ.


LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR.—III.


Seanaid na nGaedheal

SCOIL GHAEDHEALACH.

Aistí ó
"CHONÁN MAOL," "BEIRT FHEAR," "AN tATHAIR PÁDRAIG Ó DUINNÍN," Agus "GRUAGACH AN TOBAIR."

Chonnradh na Gaedhilge

Ar n-a chur amach
do
CHONNRADH NA GAEDHILGE,
Baile Átha Cliath.
1903.


CLÁR AN LEABHRÁIN SEO.

I. Scoil Ghaedhealach, ó "Chonán Maol."

II. Scoil Ghaedhealach, ó "Bheirt Fhear."

III. Scoil Ghaedhealach, ó'n Athair Pádraig Ó Duinnín.

IV. Cuirtear Corc sa Bhairile feasta, a Uaisle, ó "Ghruagach an Tobair."


RÉAMHRÁDH.


Tháinig na haistí leanas annso amach i nIRISLEABHAR na GAEDHILGE, agus táimíd dá gcur i gcló arís le súil go ndéanfaid tuilleadh maitheasa, agus go gcabhróghaid chum brostughadh ar an lá go mbeidh scoileanna agus oideachas na hÉireann go fíor-Ghaedhealach.

Is é an rud atá 'gár lot agus gar gcoimeád siar acht ná fuilimíd ag déanamh úsáid dár dteangaidh féin chum gach éan-tsaghas gnótha do chur i gcrích. Labhraimís Gaedhilg leis na leanbhaí scoile, múinimís ealadhna is eile dóibh tríd an nGaedhilg, is annsoin is gairid an mhoill go mbeidh Éire Gaedhealach amuigh 's amach.

FEAR AN IRISLEABHAIR.


I. SCOIL GHAEDHEALACH.


Sula dtosnuighthear tigh, léirighthear an talamh, baintear an fód, rómharthar go bhfaightear bun daingean dlúth & cuirtear an chloch-chúinne annsoin. Támuid-ne ag léiriughadh na talmhan. Is gnó tairbheach é & gnó trom. Támuid ag árdughadh tighthe leis acht i n-ionad a gclocha cúinne do dhingeadh síos mar a bhfuil an chré ghlas chruaidh is eadh is baoghlach go bhfuilmíd 'gá gcur ar thalamh bhog do chritheann fá n-ár gcosaibh.

Tá bun is na ceanntraibh Gaedhealacha agus má shuidhtear tigh air sin ní réabfadh gaoth ghuairneáin na nIndiatha Thoir na tigh sin.

Measaim gur bh'iascaire d'árduigh an chéad tigh i mBaile-Átha-Cliath i bhfad ins na ciantaibh. Ní raibh aige chuige acht cleathacha adhmaid chum fallaí, & scrath an tailmh chum dín a thighe, acht as an gcéad thosughadh soin d'fhás Sráid Uí Chonaill mar a gcuireann Connradh na Gaedhilge fútha indiu.

Cuirimís-ne leis tigh ar bun—scoil Ghaedhealach, i gceanntar Ghaedhealach—is cuma cá mbeidh sí suidhte, thiar, thuaidh nó theas, acht go mbeidh an áit Gaedhealach. Caidé an cuma is fearr chum a déanta? Is eól d'ár dtimthirí an áit is oireamhnaighe le n-a leithéid do chur ar bun acht dála na cuma is fearr chum an ghnótha do chur chum cinn bheinn buidheach do chách a chomhairle thabhairt dúinn.

Dar liom-sa tá an scoil curtha suas cheana agus ní fhuil againn acht a cruth d'atharrughadh. 'Sí an scoil Bhéarlach úd í do thóg an sagart paróiste le cabhair an Bhuird Oideachais. Tá sé riachtanach orainn ar dtúis cead an tsagairt agus cead tuismidhe na leanbh d'fhagháil agus an scoil do cheannach ó'n mBord. Díolfaidh an bord í go mear má bheidh fhios aca go bhfuilmíd dáiríribh agus go bhfágfamuis a scoil 'n-a fotharach folamh aca chum scátha thabhairt d'uanaibh lá fearthainne. Muna bhfuil sí oireamhnach d'ár ngnó dhéanfainn ceann nuadh. "Cad do dhéanfar leis an máighistir mbocht atá annsúd?" adéarfaidh duine éigin. An méid seo go deimhin. Má tá fios a ghnótha aige, sé sin má tá sé 'n-a chumas Gaedhilg is léigheann maith do mhúineadh do'n aos óg, tógfar é ó smacht an Bhuird Oideachais, tabharfar tuarastal níos fearr dó ná tá aige agus coinghill freisin go bhfuighidh sé an tuarastal soin ar feadh a bheathadh acht a ghnó do dhéanamh go maith & aire thabhairt dó féin.

Déarfainn gur bh'fhiú fear maith tuarastal 200 púnt 'sa mbliadhain, do mhúinfeadh an leanbh ó thosach i nGaedhilg, & do dhéanfadh clár oibre mar leanas:—

GARSÚIN IS GEARRCHAILLÍ I n-ÉINFHEACHT AMUIGH IS AMACH LE SÉ BLIADHNA D'AOIS,

An chéad bhliadhain:

Gaedhilg amháin is Teagasc Crióstuidhe.

An dara bliadhain, & as soin go dtí an t-aonmhadh bliadhain déag:

Gaedhilg, Stair, Teagasc Críostuidhe, Áireamh, léar-eólas, Béarla—gach nídh múinte thre Ghaedhilg.

An t-aonmhadh bliadhain déag:

Ealadhna eile, Tómhas Cruinne, & Úclid.

Ó'n t-aonmhadh bliadhain déag suas:

Caithfear bean-mhúinte do sholáthar do na cailíníbh i dteannta an mháighistir, do mhúinfidh Fuagháil, Cniotáil, Nigheachán, Cócaireacht is gach nídh do bhaineann le tigh, is le héanlaithe.

Ba chóir go bhfuighthidhe a leithéid sin de mhúinteóir ar chéad go leith 'sa mbliadhain & ar an oiread céadna fear do mhúinfeadh míniughadh talmhan do na buachaillíbh.

Caithfear trí acra do cheannach cois na scoile i gcóir gach saghas míniughadh talmhan do mhúineadh dhóibh ní amháin as leabhraibh acht as obair lámh. Is leis na haosánaigh toradh na talmhan soin & cuirfear i dtaisce dhóibh a luach, mar díolfar ar an margadh na barraí.

Is é míniughadh talmhan an t-eólas is oireamhnaighe d'ár ndaoinibh indiu. Níor múineadh fós dóibh é, agus tá a rian air, támuid creachta ag tíorthaibh deórata toisc nach bhfuil an t-eólas cruinn againn le sochar do bhaint as an dtalamh. Deir fir eólacha go mbainfidhe a chúig n-oiread sochair as an dtalamh so againn is baintear as indiu. Dá mbainfidhe féin ba bheag an bhrigh dhúinn-ne é mar bheadh sé go dtí seo ag an bpéist sin an máighistir talmhan. Tá breacadh an lae chughainn ámh, agus is mithid d'fheirmeóiríbh na hÉireann iad féin do ghléasadh. Tá daoine eile lasmuigh ag déanamh airgid as a gcuid talmhan agus ár dtír-ne ag dul chum fiadhantais.

Thall i nAlbain an t-am so de bhliadhain is gnáthach le feirmeóirí na scioltháin do chur i mboscaíbh istigh i dtighthibh agus ithir is aoileach do chur leó go séideann na bog-ghais thre shúilibh na sciolthán soin. 'Sa mhí seo chughainn sáithfear na scioltháin sin i dtalamh is beidh prátaí nua san Abrán atá chughainn aca súd. Chonnac fiche púnt dá thabhairt ar thonna prátaí nua roimh Bhealtaine i gcathair Lúnduin. Ní áiteómhadh an saoghal orm 'ná go bhfuil sé i gcumas feirmeóirí na hÉireann an rud céadna do dhéanamh. Tháid siad chomh gasta is chomh críochnamhail leó súd thall, acht amháin nach bhfuil eólas mínighthe talmhan aca. Ní féidir leó dá réir sin dhá bharra prátaí do bhaint as an dtalamh i n-éin-bhliadhain amháin & an leasughadh ceart do chur ar n-ais ann gcás ná raghadh an talamh soin i ndísc.

"An as scoilín Gaedhealach do mheasann tú an t-eólas soin do mhúineadh do na feirmeóiríbh?" adéarfaidh duine éigin, is é ag leamh-gháiridhe. Go réidh, a dhalta. Ni fhuil síol-chnó na daire chómh mór le méaracán, acht féach ar bhile na coille d'fhásann uaidh, a cheann go hárd, a phréamha go doimhin, a chabhail thoirteamhail, a ghéaga reamhra, righne. D'fhás an crann uaibhreach soin as beagán, ní raibh deabhadh 'ná deithneas air, acht níor staon sé riamh gur fhás sé. Féach go cruinn air, is machtnuigh!

D'éis an chéad scoil Ghaedhealach do chur ar bun & taithighe bheith againn ar an ngnó, is féidir linn scoileanna eile d'fhagháil mar a múinfear gach uile chéird do theastóchaidh uainn i nÉirinn, mar atá leasughadh leathair, gréasuidheacht, figheadóireacht, táilliúireacht, siúinéireacht, & cearda eile. Cuirfear árdscoil ar bun i mBaile Átha Cliath, nó gCorcaigh, nó i nGaillimh, le haghaidh gach ealadha thairbheach do mhúineadh as Gaedhilg do'n aos óg do thoghfar as na scolaibh Gaedhealacha. Chuir ár sinsir scoileanna na Teamhrach is Chluana, Bheannchoir is Árdmacha ar bun, & leath a gcáil ar fuid an tsaoghail. Tá an fhuil chéadna ionnainne. Misneach, a chlann ó! Is linn-ne tír gheal-innseach na hÉireann, & is gearr go mbeidh sí againn le congnamh Dé.